5. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, A chlann, an bhfuil bladh ar bith aguibh? Do fhreagradarsan é, Ní bhfuil.
6. Agus a dubhairt seision riu, Teilgidh bhur lion ar an dtáobh ndeas don luing, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lion, agus níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing a steach lé híomad éisg.
7. Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge.
8. Agus tangadar an chuid eile do na deisciobluibh a luing bhig, (óir níor bhfada óthir do bhadar, achd a dtimcheall dhá chéud bánnlamh,) ag tarruing an lín eisg.
9. Agus mar thangadar a dtír, do chunncadar gríosach, agus íasg ar na chuir uirrthe, agus arán.