1. Na buáidhearthar bhur gcroidhesi: creidídh a Ndía, agus creidídh ionnamsa.
2. As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh.
3. Agus ma imthighim dullmhughadh áith dháoibh, tiocfaidh mé a rís, agus géubhuidh mé sibhsi chugam fein; ionnus mar a bhfuilimsi, go mbía sibhse fós ann.
4. Agus atá fhios aguibhsi gá háit a dtéighimsi, agus atá éolus na sligheadh aguibh.
5. A dubhairt Tomás ris, A Thighearna, ní feas dúinne gá háit a dteid tú; agus cionnas as éidir linn éolus na sligheadh do bheith aguinn?
6. A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
7. Dá madh aithnidh dháoibh misi, dob aithne dhíbh Máthair mar an gcéadna: agus as aithnidh dháoibh a nois é, agus do chunncabhair é.
8. A dubhairt Philib ris, A Thighearna, taisbén an Tathair dhúinn, agus is lór linn é.
9. A dubhairt Iósa ris, An bhfuilim a nfasda dhaimsir bhur bhfochair, agus nach aithnidh dhuit mé, a Philib? gidh bé chunnairc Misi, do chunnairc sé an Tathair, agus cionnas a deir tusa, Taisbén duinn an Tathair?
10. An né nach ccreideann tú go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnamsa? na briathra labhrum ribhse, ní uáim féin labhruim íad: achd an Tathair, atá na chomhnuidhe ionnam, as é do ní na hoibreacha.
11. Creididh mé go bhfuilimsi ann sa Nathair, agus an Tathair ionnumsa: ní as lugha dhe creididh dhamh ar son noibreacha féin.