9. Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá bheith ag úrnuighe ar bhur son, agus ag athchuinghe sibhse do bheith líonta déolas a thoilesion a nuile éagna agus thuidge sbioradalta;
10. Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;
11. Ar bhur neartughadh maille ris a nuile neart, tré na chúmhachd glórmharsan, chum na huile fhoighide agus fhulaing maille ré gáirdeachas;
12. Ag breith bhuídheachais ris a Nathair, noch do rinne sinne iomchubhaidh chum coda dóighreachd na náomh sa tsoillse:
13. Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin:
14. Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh: