2. A sí ar liteirne sibhse sgríobhtha ionar gcroidhthibh, thuigthear agus léighthear ris na huile dhaóinibh:
3. Ar mbeith follus gur sibh eipisdil Chríosd do friotholadh rinne, ar na sgriobhadh ní ré dubh, achd ré Sbioruid Dé bhí; ní a gclaruibh cloiche, achd a gcláruibh féolmhara an chroidhe.
4. Agus atá a leitheid so do dhóthchas aguinn tré Chríosd a Ndía:
5. Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas;
6. Noch fós do rinne minisdrí iomchubhaidh dhínn don tiomna núadh; ní don litir, achd don sbioruid: óir marbhuidh an litir, achd do bheir an sbiorad beatha.
7. Agus má bhí miniosdrálachd an bháis, a litribh ar na tharruing a gclochaibh, glórmhar, ionnas nar bhfeidir ré clannuibh Isráel féucháin go gér air aghaidh Mháoisi tre dheallruigh a ghnúisi; noch do cuireadh ar gcúl: