2. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion; mo Dhía, cuirfiod mo dhóthchus ann.
3. Go deimhin sáorfa sé thusa ó líon a nfíaghaidh, ón phláigh nimhnigh.
4. Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhírinne.
5. Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló;
6. On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói.
7. Tuitfid míle ré do tháobh, agus deich míle ar do láimh dheis; ní thiucfa sin ad gharsa.