Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 89:35-46 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

35. Thugas mo mhionna áonuair dar mo náomhthacht nach déanuinn bréug re Dáibhi.

36. Biáidh a shliochd go bráth, agus a chathaóir ríoghdha mar an ghrian ós mo choinne.

37. Biáidh sé ar na dhaingniughadh go bráth mar an ngealuidh, agus mar fhiaghnuise fhirinnigh annsa naíeir. Selah.

38. Ach do thréigis, agus do dhiúlt tú, do bhí tú ro fheargach red ungthach.

39. Do bhris tú cunnradh do sherbhísigh: do thruáilligh tú a choróin, da teilgion chum na talmhan.

40. Do bhris tú fós a fhálta uile; agus do theilghis síos a dhaingne.

41. Gach a ngabhann an tslighe creachaid é: is imdheargadh é dá chomharsanaibh.

42. Dárduigh tú lámh dheas a námhad; do gháirdigh tú a naimhde uile.

43. Do iompoighis fós fáobhar a chloidhimh tar ais, agus ní thugáis air seasamh annsa chath.

44. Thugais air a dhéalradh cosg, agus do theilg tú a chathaóir ríogha go talamh.

45. Do ghearraidh tú laéthe a óige: dfoluigh tú é le náire. Selah.

46. Cá fad, fhoileochus tú thú féin a THIGHEARNA? an go bráth? an loisgfidh thfearg mar théine?

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 89