1. Do gháirios chum Dé rem ghuth, chum Dé rem ghuth; agus thug sé éisdeacht damh.
2. A ló mo bhúaidheartha do shir mé an TIGHEARNA: do bhí mo lámh san noidhche ar na dórtadh amach, agus ní dhéarnuidh comhnuigh: do dhiúlt manam comhfhurtachd do ghlacadh.
3. Do chuimhnigh mé ar Dhía, agus do bhí mé buáidheartha: do ghearán mé, a nuair do bhí mo spiorad ar na iombháthadh. Selah.
4. Congbhuigh tú mo shúile na ndúsachd: a táim comhbuáidheartha is sin nach bhféuduim labhairt.
5. Do mhéas mé na laéthe seannda, bliadhna na seanamisire.
6. Cuimhnighim mo sheinm san noidhche: meadhuighim rem chroidhe: agus cúartuigh mo spiorad, ag rádh.
7. An tteilgfe an TIGHEARNA uáidh go bráth? agus nach biáidh sé fabharthach ní sa mhó?
8. Nar choisg a thrócaire go bráth? nar fhailligh a fhocal ó ghinealach go ginealach?