1. Do bheirmíd buidheachus duit, a Dhé, do bheirmíd buidheachus duit: óir foillsighid do mhíorbhuile go bhfuil hainm a bhfogus.
2. A nuáir ghéabhad an comhthionól chugam do dhéanad breitheamhnus go díreach.
3. Atá an talamh agus a nuile áitreabhas ann ar na scaoileadh: daingneochadsa a phostadha. Selah.
4. A deirim ris ha hamadánuibh, Ná déanuidh leimhe: agus leis na cionntachaibh, Ná tógbhaidh súas a nadharc:
5. Ná tógbhaidh súas a nadharc go ro árd: ná labhruidh re muinéul cruáidh.
6. Oír ní ó náird a noir, nó a níar, nó ó dheas atá árdughadh.
7. Acht Día an breitheamh: umhluigh sé an fearso, agus árduigh sé an fear oile.