8. Do rinneadh coimhthigheach dhíom dom dhearbhráithribh, agus eachtrannach do chloinn mo mhathar.
9. Oír a duáigh éad do thighesi súas mé; agus do thuit achmhusán na druinge do scannluigh thú orum.
10. Agus do ghuil mé, agus do bhí manam a ttrosgadh, agus do chuíreadh sin a cceann mo scannlach.
11. Agus do rinneas mo chulaidh do shaicéadach; agus do bhí mé am shean-fhocal acasan.
12. Agus do labhradar an luchd shuighios annsa gheata am aghaidh; agus an lucht ibhios deoch láidir do rinneadar abhrán orum.
13. Acht misi, atá mo ghuidhe chugadsa a THIGHEARNA, a nam ionghabhála: a Dhé, do réir ro iomad do thrócaire cluin mé, a bhfírinne do shlánaighthe.
14. Sáor mé as an lathaidh, agus ná léig mo dhul a níochtar: sáorthar mé ó luchd mfúathaighthe, agus as doimhne na nuisgeadh.
15. Ná leig do thuile na nuisgeadh dul ós mo chionn, agus na léig do naigéan mo shlugadh, agus ná léig don pholl a bhéul do dhrud orum.
16. Cluin mé, a THIGHEARNA; oír is maith do chinéul grádhach: do réir iomad do thrócaire ceannsa fill orum.