1. Bi trócaireach dhamh, a Dhé: óir do shluigfeadh duine súas mé; air feadh an laói ag cathughadh do bhrúighfeadh mé.
2. Do shluigfidís mo naimhde mé air feadh an laói: óir atá iomad ag cathughadh am aghaidh, ó thusa is ro áirde.
3. A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa.
4. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
5. Ar feadh an laói fáisgid mo bhríathra: atáid a smuaintighe éile chum uilc am aghaidh.
6. Cruinnighid íad féin ar áonbhall, folchaid íad féin, comharthuighid mo choiscéimighe, a nuáir bhíd ag foraire ar manam.
7. An rachaid síad as ar son a nurchóide? ann thfeirg ísligh na daóine, a Dhé.
8. Comháirmhionn tú mo sheachrán: cuir mo dheóra ann do bhuidéul: nach bhfuilid ann do leabhar?
9. Annsin fillfighthear mo naimhde air a nais, a nuáir gháirfiod: atá a fhios so agam; óir atá Día air mo shon.
10. A Ndía mholfad a bhriathar: annsa TIGHEARNA mholfad a bhriathar.
11. A Ndía chuirfead mo dhóigh: ní biáidh eagla orum créd do dhéanas duine orum.
12. Atáid do mhóide orum, a Dhé: toirbheoruidh mé molta dhuit.
13. Oír dfúascail tú manam ó bhás: nach saórfa tú mo chosa ó leagadh, chum go siubhola mé go diongmhalta a lathair Dé a solus na mbéo?
Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 56