5. Laibheora misi air dhathamhlacht glóire do mhórdhachta, agus air do ghníomhuibh iongantacha.
6. Agus labheoruid dáoine air neart do ghníomh uathbhásach: agus foillseocha misi do mhórdhachd.
7. Laibheoruid síad ós áird cuimhne do mhaitheasa móire, agus canfuid thfíréantachd.
8. Atá an TIGHEARNA grásamhuil, agus lán do thruáighe; fadfhuilingtheach, agus mórthrócaireach.
9. Is maith an TIGHEARNA do nuile: agus atá a thrócaire chinealta ós cionn a oibreach uile.
10. Molfuid hoibreacha uile thú, a THIGHEARNA; agus beinneochuid do naóimh thú.
11. Laibheoruid síad ar ghlóir do rioghachd, agus do dhéanaid caint air do neart;
12. Do chur a mhóirghníomha agus mhórdhachd ghlórmhar a rioghachta, an umhail do chloinn na ndaoine.
13. Is rioghacht síorruigh do rioghachtasa, agus do chumhachda tre nuile ghinealach.
14. Congmhaidh an TIGHEARNA súas gach a mbí ag tuitim, agus tógbhuidh súas a núile chlaonas síos.
15. Feithchid súile a nuile ortsa; agus do bheir tú a mbíadh dhóibh íona am féin.