1. Do luáthgháirighios ris an lucht a dúbhairt leam, Téigheam go tigh an TIGHEARNA.
2. Atáid ar ccosa na seasamh ann do gheatadhuibh, a Ierusalem.
3. Ierusalem ar na tógbháil mar chathraidh atá ar na choimhcheangal innte féin ré chéile:
4. Oír is innte sin suas théid na treabha, treabha an TIGHEARNA, go fiadhnuisi Israel, chum anma an TIGHEARNA do mholadh.
5. Oír suighfid annsin a suighibh ríogha chum breitheamhnuis, cathaóire ríogha thighe Dháibhi.
6. Guidhidh ar son siothchána lerúsalem: bídis a síothcháin noch ler bionmhuin thú.
7. Bíodh síothcháin ann do dhaingion, sonas a stigh ann do phálásaibh.
8. Ar son mo dhearbhráithreach agus mo charad, a déarad a nois, Bíodh síothcháin ionnad.
9. Ar son tighe an TIGHEARNA ar Ndé íarrfa mé maith dhuitsi.
Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 122