1. A Dhé mo mholta, ná bí ad thocht;
2. Oír atá béul a nurchóidigh agus béul na gangaide foscuilte am aghaidh: labhruid síad am aghaidh le teangaidh bhréagach.
3. Agus ré bríathraibh fúathmhara do ghabhadar am thimchioll mar an gceadna; agus cathuighid am aghaidh gan adhbhar.
4. Ar son mo ghrádha atáid na neascáirde agam: agus misi ag urnaigh.
5. Agus do thoirbhriodar dhamh olc a naghaidh maitheasa, agus fúath ar son mo ghrádha.
6. Suighidhse an ciontach ós a chionn: agus seasadh Sátan air a láimh dheis.
7. A nuáir bheirthior breath air, damnuighthear é: agus iompoighthear a urnaigh a bpeacadh.
8. Go madh gann a laéthe, agus gabhadh duine oile a oifig.
9. Biodh a chlann na ndílleachdaibh, agus a bhean na baintreabhaigh.
10. Agus biodh a chlann ar seachrán do ghnáth, agus ag íarruidh déirce: agus íarruid mar an gceadna as a náitibh uáigneacha.
11. Glacadh fear na bhfíach an mhéid atá aige; agus creachaidís coigcrichidh a sháothar.
12. Ná bíodh ann duine do shínfeadh oineach chuige: agus na bíodh áon do thaisbeanadh trócaire dá chloinn gan athair.