Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 6:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus ná tugaigí bhur mbaill bheatha suas don pheaca le bheith ina n‑uirlisí urchóide ach, mar dhaoine a bheadh éiríthe beo ó mhairbh, déanaigí sibh féin a thabhairt suas do Dhia agus bíodh bhur mbaill bheatha ina n‑uirlisí fíréantachta ag Dia.

14. Mar ní bheidh aon tiarnas ag an bpeaca oraibh de bhrí nach faoin dlí atá sibh ach faoin ngrásta.

15. Cad é mar sin? An ndéanfaimid an peaca nuair nach faoin dlí atáimid ach faoi ghrásta? Nár lige Dia sin!

16. Nach bhfuil a fhios agaibh, má thugann sibh sibh féin suas do dhuine chun umhlú dó mar sheirbhísigh, gur seirbhísigh sibh don mháistir sin a n‑umhlaíonn sibh dó, cibé acu don pheaca chun báis, nó don umhlaíocht chun fíréantachta.

17. Bhí sibh tráth ag seirbhís don pheaca, ach a bhuí le Dia, ghéill sibh ó chroí do riail an teagaisc ar cuireadh sibh faoina threoir,

18. fuasclaíodh sibh ó chuing an pheaca agus chuaigh sibh faoi chuing na fíréantachta.

19. De dheasca bhur laige nádúrtha - is i dtéarmaí daonna atáim ag labhairt anois - faoi mar a thug sibh suas bhur mbaill bheatha tráth mar sclábhaithe don salachar agus don urchóid chun na hurchóide, tugaigí suas bhur mbaill anois mar sclábhaithe don fhíréantacht chun na naofachta.

20. Fad a bhí sibh in bhur sclábhaithe ag an bpeaca bhí sibh saor ón bhfíréantacht.

21. Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd.

22. Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.

23. Mar pá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 6