8. Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).
9. Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú.
10. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.
11. Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.”
12. Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t‑aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air,
13. “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”
14. Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh?
15. Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”
16. Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?”
17. Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin.
18. Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”
19. Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois:“Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobalagus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.”
20. Agus téann Íseáia chomh fada lena rá:“An mhuintir nach raibh do mo lorg,is iad a fuair mé.Agus an mhuintir nach raibh do m'fhiafraí,is dóibh a d'fhoilsigh mé mé féin.”
21. Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”