57. Agus d'éirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh á rá:
58. “Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’ ”
59. Ach níor réitigh a bhfianáise fiú sa mhéid sin.
60. Agus d'éirigh an t‑ardsagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, á rá: “Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo á dhearbhú ort?”
61. Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”
62. Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.”
63. Stróic an t‑ardsagart a róbaí: “Cad is gá dúinn a thuilleadh d'fhinnéithe?” ar sé, “chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?”
64. Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige.
65. Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.
66. Nuair a bhí Peadar laistíos sa chúirt, tháinig duine de chailíní aimsire an ardsagairt,
67. agus nuair a chonaic sí Peadar á théamh féin, d'fhéach sí go géar air agus dúirt leis: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Nazairéanach.”
68. Ach shéan sé é, á rá: “Ní eol dom, ní thuigim cad a deir tú.” Agus d'imigh sé amach sa réamhchúirt agus ghlaoigh an coileach.
69. Chonaic an cailín aimsire é agus thosaigh ar a rá arís leis na daoine a bhí ina seasamh timpeall: “Is duine díobh é seo.”