28. ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:
29. “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,de réir d'fhocail, faoi shíocháin,
30. mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil
31. atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:
32. solas chun na náisiúin a shoilsiúagus glóir do phobail Iosrael.”
33. Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air.
34. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -
35. agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin - chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”
36. Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.
37. Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.
38. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.
39. Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.
40. Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.
41. Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca.
42. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile;
43. agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d'fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí.