14. Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad.
15. Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard,
16. agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.
17. Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad?
18. An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?”
19. Agus dúirt sé leis: “Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.”
20. Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í,
21. ná ní amhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.”
22. Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t‑am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é.
23. Beifear á rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir.
24. De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin.
25. Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo.