1. D'fhonn is go mbeimis saor is ea a d'fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.
2. Seo mise Pól á rá libh nach ndéanfaidh Críost aon mhaitheas daoibh má dhéantar timpeallghearradh oraibh.
3. Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeallghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine.
4. Agus sibhse a bhíonn ag lorg na fíréantachta sa dlí tá sibh dealaithe ó Chríost agus tá gnaoi Dé caillte agaibh.
5. Is ón gcreideamh, áfach, atáimidne ag súil leis an bhfíréantacht a fháil faoi luí an Spioraid.
6. Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.
7. Bhí sibh ag dul chun cinn go hálainn. Cé a chuir bac oraibh géilleadh don fhírinne?
8. Ní ón té úd a ghlaoigh oraibh a tháinig an t‑áiteamh sin!
9. “Déanann pinse gabháile an taos ar fad a ghabháileadh.”
10. Tá muinín agam asaibh sa Tiarna nach é a mhalairt de thuairim a bheidh agaibhse. An duine seo atá do bhur suaitheadh, cibé ar bith é féin, íocfaidh sé as a choir.
11. I dtaca liomsa de, a bhráithre, más fíor go mbím fós ag fógairt timpeallghearrtha, cén fáth a bhfuilim fós do mo ghéarleanúint? Dá mbeinn ag déanamh amhlaidh bheadh scannal na croise ar neamhní.
12. Iad siúd atá ag cur mearbhaill oraibh is é mo thrua nach ndéanann siad iad féin a choilleadh chomh maith!
13. Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.