Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Peadar 4:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Uime sin is ea a fógraíodh an dea-scéal do na mairbh, ionas go dtabharfaí breith orthu sa cholainn mar dhaoine, ach go mairfidís sa spiorad de réir Dé.

7. Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.

8. Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.

9. Cuirigí fáilte gan doicheall roimh a chéile.

10. Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé.

11. Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.

12. A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.

13. Ach bíodh áthas oraibh sa mhéid go bhfuil sibh páirteach i bpáis Chríost, ionas go mbeadh áthas agus lúcháir oraibh freisin nuair a fhoilseofar a ghlóir.

14. Is méanar daoibh má thugtar aithis daoibh i ngeall ar ainm Chríost, mar go lonnaíonn Spiorad na glóire agus Spiorad Dé oraibh.

15. Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí.

16. Ach más mar Chríostaí a fhulaingíonn duine pionós, ná bíodh náire air ach tugadh sé glóir do Dhia faoin ainm seo.

17. Óir tá an uain tagtha don bhreith tosú le teaghlach Dé; agus más linne a thosaíonn sí, cén chríoch a bheidh ar an muintir nach ngéilleann do shoisceal Dé?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Peadar 4