1. Nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé d'éadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh?
2. An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach?
3. Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta?
4. Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu?
5. Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d'fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre,
6. ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?