1. Déanaigíse aithris ormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost.
2. Molaim sibh as bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh.
3. Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost.
4. Aon fhear a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus a cheann clúdaithe aige, tugann sé náire don té is ceann air.
5. Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.
6. Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann.
7. Ní gá d'fhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus [macasamhail] Dé é; ach is [macasamhail] den fhear an bhean;
8. mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean.
9. Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean.
10. Dá réir sin ní miste don bhean comhartha an smachta a bheith ar a ceann aici mar gheall ar na haingil.
11. Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamhspleách leis an bhfear ná an fear neamhspleách leis an mbean sa Tiarna;
12. faoi mar a tháinig an bhean ón bhfear ar dtús, is ón mbean a shaolaítear an fear agus is ó Dhia a thagann an uile ní.