1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo craobhacha a thabhairt duit, craobh thar ceann gach teaghlaigh athartha; tugadh na ceannairí le chéile dosaon craobh thar ceann a dteaghlach athartha. Scríobh ainm gach duine ar a chraobh
3. agus scriobh ainm Árón ar chraobh Léiví; óir beidh craobh do cheann gach teaghlaigh athartha.
4. Ansin cuir iad i mBoth na Teagmhála, os comhair na Fianaise, mar a dteagmhaím leat.
5. An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d'aghaidh.”
6. Labhair Maois le hIosrael agus thug a gceannairí go léir craobh an duine dó, dosaon craobh ar fad thar ceann na dteaghlach athartha; bhí craobh Árón i measc na gcraobhacha.
7. Leag Maois iad i mBoth na Teagmhála i láthair an Tiarna.
8. Lá arna mhárach ghabh Maois isteach i mBoth na Fianaise agus b'shiúd í craobh Árón, thar ceann theaghlach Léiví, ag péacadh cheana féin. Bhí bachlóga curtha amach aici, agus bláthanna tagtha uirthi, agus almóinní aibí uirthi.