9. Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,agus ní ligfear i ndearmad é go deo;ní rachaidh a chuimhne ar ceal,agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
10. Fogróidh ciníocha a eagna,agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí.
11. Má mhaireann sé i bhfad, sáróidh a cháil míle;má fhaigheann sé bás, ní beag sin dó.
12. Tá a thuilleadh le rá agam, toradh mo mhachnaimh,agus táim lán suas de, dála na lánré.
13. Éistigí liom a chlann bhúidh, agus tagadh bláth oraibh,mar a thiocfadh ar rós ag fás ar bhruach sileáin.
14. Tugaigí cumhracht uaibh ar nós na túise;bláthaigí ar nós na lile;scaipigí an mus agus canaigí laoi mholta;molaigí an Tiarna ar son a oibreacha go léir.
15. Móraigí a ainm,tugaigí moladh agus buíochas dóle laoithe in bhur mbéal agus ceol ó bhur lireanna;ní mór daoibh é mholadh mar leanas:
16. “Nach álainn iad oibreacha uile an Tiarna!cuirfear gach ní a ordaíonn sé i gcrích gan mhoill!”ná deirtear: “Céard é seo? Cad chuige é siúd?”mar déanfar gach ní a iniúchadh ina uain.
17. Le focal uaidh, stadann an t‑uisce ina charn,agus le briathar a bhéil líontar na taiscumair uisce.
18. Le hordú uaidh déantar mar is áil leis,agus ní féidir d'aon duine a chumas slánaithe a laghdú.
19. Tá oibreacha gach dúile os a chomhair,agus ní féidir aon ní a cheilt ar a shúile;
20. Síneann réim a radhairc ó cheann ceann na síoraíochtaagus níl aon ní iontach ina shúile.
21. Ná deirtear: “Ceard é seo? Cad chuige é siúd?”óir cruthaíodh gach ní le feidhm ar leith.
22. Clúdaíonn a bheannacht an talamh tirim mar a dhéanfadh abhainn,agus bánn é mar a dhéanfadh tuile.
23. Ar an tslí sin a bheidh fraoch a fheirge mar oidhreacht ag na náisiúin,faoi mar a rinne sé sáile den fhíoruisce.