16. Leath mé mo ghéaga mar an teiribint;is géaga glóire agus maise mo ghéaga;
17. Dála na fíniúna, d'eascair craobha áille asam,agus tá glóir agus saibhreas mar thoradh ar mo bhláth.
18. (Mise máthair an ghrá álainn, na heagla, an eolais, agus an dóchais bhúidh;tugtar mé dá bhrí sin do mo chlann go léir ón tsíoraíocht, dóibh siúd go léir a ainmníonn sé.)
19. Tagaigí chugam sibhse go léir a bhfuil dúil agaibh ionam,agus ithigí bhur sáith de mo chuid torthaí.
20. Óir is milse ná mil a bheith ag cuimhneamh orm,agus is dea-bhlasta fós ná cíor mheala mé a shealbhú.
21. Beidh dúil i mbreis ag an muintir a itheann méagus tart chun a thuilleadh fós ar an muintir a ólfaidh mé.
22. Ní náireofar an té a éisteann liom,agus a mhuintir a dhéanann rud orm, ní dhéanfaidh siad peaca choíche.”
23. Sé conradh Dé in airde é seo go léir,an dlí a d'ordaigh Maois dúinn,oidhreacht do chomhthionóil Iacóib;
24. (Ná scoir de bheith tréan sa Tiarna;cloígh leis le go neartódh sé thú;sé an Tiarna Uilechumhachtach amháin is Dia;níl slánaitheoir ann ach é.)
25. Sin é a chuireann an eagna thar maoil mar an Piseón,agus mar an Tígris i séasúr na gcéadtorthaí;
26. Sin é a chuireann an chiall thar maoil mar an Eofrataes,agus mar an Iordáin san fhómhar.
27. Sin é a chuireann an teagasc [ina thuile mar an Níl,]agus mar an nGíohón i bhfómhar an fhíona.
28. Mar nach bhfuair an chéad fhear aithne cheart uirthi,agus níor thomhais an té is déanaí go baileach í.
29. Óir is fairsinge ná an fharraige a smaointe,agus is doimhne ná an duibheagán a comhairle.
30. Agus maidir liomsa, ghabh mé mar chanáil ó abhainn,mar gháitéar uisce isteach i ngairdín.
31. Dúirt mé: “Déanfaidh mé m'úllord a uisciú,agus mo luibhghort a lánfhliuchadh.”Agus féach, rinneadh abhainn de mo chanáilagus muir de m'abhainn.
32. Cuirfidh mé teagasc ag taitneamh mar an láchaint,agus spréifidh mé a sholas i bhfad i gcéin.
33. Déanfaidh mé eolas a dhoirteadh amach mar thairngreacht,agus fágfaidh mé é do ghlúine le teacht.