1. Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán.
2. Tá aithne ar Dhia in Iúdá;tá a ainm in airde in Iosrael.
3. I Sailéim atá a bhothagus i Síón a áras cónaithe.
4. Is ann a bhris sé na saigheada lonracha -an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah
5. Is solasmhar maorga thú, a Thiarna;is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí].
6. Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh,codlaíonn siad ina dtoirchim suain;tá lucht na lámh láidir gan taca.
7. A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrachrinneadh staic de charbaid agus d'eachra.