8. A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána,a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,
9. a shléibhte agus a chnoca uile,a chranna toraidh agus a chéadrasa!
10. A ainmhithe allta agus clóis,a phéisteanna agus a éanlaith an aeir!
11. A ríthe agus a náisiúna na cruinne,a fhlatha an domhain is a bhreithiúna!
12. A ógánacha agus a chailíní,a sheanóirí agus a leanaí le chéile,
13. molaigí ainm an Tiarna!óir is é amháin is airde,agus sáraíonn a ainmneamh agus talamh in éineacht.
14. D'ardaigh sé neart a phobail;bíonn a naoimh uile á mholadh;molann clann Iosrael é,an pobal atá ina fhogas.Alleluia!