1. Salm le Dáiví. 1 Glaoim ort, a Thiarna, fóir orm gan mhoill;éist le mo ghlór nuair a ghlaoim ort.
2. Go n‑éirí m'urnaí mar thúis i d'fhianaise;go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.
3. Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna;bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.
4. Ná claon mo chroí chun oilc ar bithná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide;nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.
5. Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é;má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é.Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí,bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
6. Caithfear a mbreithiúna go léir le haill;beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.