1. Amhrán Oilithreach. 1 Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví,agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide,
2. ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna,ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacóib:
3. “Ní rachaidh mé faoi dhíon mo thí;ná ní luífidh mé ar an leaba a cóiríodh dom.
4. Ní thabharfaidh mé suan do mo shúile;ná codladh do rinn mo rosc
5. nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna,teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacóib.”
6. Chualamar trácht air, féach, in Eafrát;agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.
7. “Téimis isteach ina áras;agus adhraimis ag stóilín a chos.”
8. Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna,tú féin agus áirc do mhaorgachta.
9. Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt;go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.
10. Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach,ná diúltaigh don té a d'ung tú.
11. Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví,briathar daingean nach rachaidh sé siar air:“Is é mac do cholainne féina chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.