9. Ar an deichiú lá den seachtú mí cuir an trumpa á shéideadh; ar Lá an Leorghnímh cuirigí an trumpa á shéideadh ar fud na críche.
10. Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin.
11. Bíodh an leathchéadú bliain sin ina bliain iubhaile agaibh; ná cuirigí síol, ná bainigí fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora d'fhiniúin gan bearradh.
12. Bíodh an iubhaile naofa agaibh agus caithigí cnuas an mhachaire.
13. I mbliain seo na hiubhaile filleadh gach duine agaibh ar a shealúchas dúchais.
14. Má dhéanann tú aon rud a dhíol le do chomharsa nó a cheannach uaidh, ná sáraigh an fear thall.
15. Má dhéanann tú ceannach ó do chomharsa, cuirtear san áireamh líon na mblianta ón iubhaile; de réir líon na mblianta toraidh, déanadh sé an margadh leat.
16. Dá mhéad é líon na mblianta, is ea is mó an praghas a thabharfaidh tú; dá laghad é líon na mblianta is ea is mó an lascaine; óir is líon áirithe fómhar atá á ndíol aige.
17. Ná déanadh aon duine agaibh éagóir ar a chomharsa, ach bíodh eagla oraibh roimh bhur nDia. Mise an Tiarna bhur nDia.
18. Déanaigí dá bhrí sin de réir mo dhlíthe agus coimeádaigí mo reachtanna; agus cleachtaigí iad, agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
19. Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh, agus íosfaidh sibh bhur sáith agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
20. Sa chás go bhfiafródh sibh cad a íosfaimid an seachtú bliain seo gan síol a chur ná fómhar a bhailiú,
21. d'ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti.
22. Beidh an seantoradh fós á ithe agaibh agus sibh ag cur san ochtú bliain; sea agus beidh an seantoradh á ithe agaibh fós sa naoú bliain agus sibh ag feitheamh le fómhar na bliana sin.