Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 10:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. D'imíodar leo amach go geata bhaile Bhéitiúilia, agus fuaireadar Uizíá ansiúd ina sheasamh mar aon le seanóirí an bhaile, Chaibris agus Chairmis.

7. Nuair a chonaiceadar í agus í ar malairt dreach agus i malairt feistis, rinneadar ardionadh dá scéimh, agus dúradar léi:

8. “Go raibh gnaoi Dhia ár sinsear ort agus go gcomhlíona sé do phleananna chun glóir chlann Iosrael agus do mhóradh Iarúsailéim.”

9. D'umhlaigh sí do Dhia agus dúirt leo: “Ordaigí geata an bhaile a oscailt dom le go rachainn amach agus go gcuirfinn i gcrích a bhfuil ráite agaibh fúm.” D'ordaíodar do na hógfhir oscailt di mar a dúirt sí.

10. Nuair a bhí déanta amhlaidh acu, ghabh Iúidit amach agus a hionailt lena cois; d'fhair fir an bhaile í nó gur ghabh sí an cnoc síos agus go ndeachaigh sí trasna an ghleanna agus gur imigh sí as a radharc.

11. Ag gabháil tríd an ngleann dóibh faoi dheifir, bhuail patról Asaíreach léi,

12. agus ghabh siad Iúidit agus d'fhiafraigh di: “Cér díobh thú? Cá has a bhfuil tú ag teacht? agus cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair sí: “Duine d'iníonacha na nEabhrach mé, agus táim ag teitheadh uathu, mar go bhfuil siad ar tí titim in bhur gcraos le halpadh.

13. Táim ag dul i láthair Holofarnaes, ceannaire bhur n‑airm, chun tuairisc fhírinneach a thabhairt dó; agus taispeánfaidh mé conair dó trínar féidir leis dul agus na hardáin go léir a ghabháil gan fear leis a ghabháil ná a chailliúint.”

14. D'éist na fir leis na focail sin uaithi agus iad ag stánadh ar a haghaidh, mar dhealraigh sí álainn thar na bearta dóibh; agus dúirt siad léi:

15. “Rug tú do bheo leat nuair a bhrostaigh tú anuas i láthair ár dtiarna; téigh gan mhoill chun a bhotha; déanfaidh cuid againn thú a thionlacan agus a thabhairt ar láimh dó.

16. Agus ag seasamh duit os a chomhair, ná bíodh eagla chroí ort, ach inis dó díreach mar atá ráite agat, agus cuirfidh sé cóir mhaith ort.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 10