13. Táim ag dul i láthair Holofarnaes, ceannaire bhur n‑airm, chun tuairisc fhírinneach a thabhairt dó; agus taispeánfaidh mé conair dó trínar féidir leis dul agus na hardáin go léir a ghabháil gan fear leis a ghabháil ná a chailliúint.”
14. D'éist na fir leis na focail sin uaithi agus iad ag stánadh ar a haghaidh, mar dhealraigh sí álainn thar na bearta dóibh; agus dúirt siad léi:
15. “Rug tú do bheo leat nuair a bhrostaigh tú anuas i láthair ár dtiarna; téigh gan mhoill chun a bhotha; déanfaidh cuid againn thú a thionlacan agus a thabhairt ar láimh dó.
16. Agus ag seasamh duit os a chomhair, ná bíodh eagla chroí ort, ach inis dó díreach mar atá ráite agat, agus cuirfidh sé cóir mhaith ort.”
17. Thogh siad céad fear as a líon le hí féin agus a hionailt a thionlacan, agus thug siad iad go puball Holofarnaes.
18. Bhí an-scleondar sa longfort mar leath sé ó bhoth go both go raibh sí tagtha; agus tháinig slua ina timpeall agus í ag feitheamh lasmuigh de bhoth Holofarnaes, fad bhíothas á insint dó ina taobh.
19. Rinneadar ardionadh dá háille, agus ionadh de chlann Iosrael dá barr; agus dúirt gach duine lena chomharsa: “Cé a d'fhéadfadh drochmheas a bheith aige ar phobal mar seo, a bhfuil mná mar seo ina measc? Ambasa gur fearr gan fear díobh a fhágáil beo, mar má scaoilimid leo beidh ar a gcumas an saol go léir a mhealladh.”
20. Ansin tháinig Holofarnaes agus a chompánaigh agus a ghiollaí amach agus thug isteach sa bhoth í.
21. Bhí Holofarnaes ag ligean a scíth ar a leaba faoi cheannbhrat fite de chorcra agus d'ór agus de smaragaid agus de chlocha lómhara.
22. Nuair a d'insíodar a scéala dó tháinig sé ar aghaidh go béal na botha agus lampaí airgid á n‑iompar roimhe.
23. Nuair a tháinig Iúidit ina láthair agus i láthair a ghiollaí, rinne siad go léir ionadh de scéimh a ceannaithe; chrom sise síos go talamh in ómós dó, agus rinne a dhaoráin í a chur ina seasamh.