21. “Tá breithiúnas tagtha freisin ar an Aichréidh, ar Holón, Iazá, Maefát,
22. Díobón, Neabó, Béit Dibleataím,
23. Ciriataím, Béit Gámúl, Béit Meón,
24. Ciriót, Bozrá, agus ar bhailte uile thír Mhóáb, i bhfad agus i ngearr.
25. Baineadh a adharc de Mhóáb,agus briseadh a ghéag- an Tiarna a labhraíonn.
26. “Cuir ar meisce é! Mhóraigh sé é féin in éadan an Tiarna; beidh Móáb ag únfairt ina sceathrach féin; beidh sé fós ina cheap magaidh.
27. Nach raibh Iosrael ina mhagadh agatsa? Ar gabhadh é i measc gadaithe, le go mbeifeása ag croitheadh do chinn nuair a luann tú a ainm?
28. Fágaigí na bailte, cuirigí fúibh sna creaga,a áitritheoirí Mhóáb.Foghlaimígí ón gcolm a dhéanann a neadi mbéal na haille.
29. Chualamar faoi uabhar Mhóáb;tá sé ró-uaibhreach!A leithéid de mhóracht! de dhíomas! d'éirí in airde!de mhóiréis chroí!
30. Is feasach domsa a theanntás- an Tiarna a labhraíonn -a mhaíomh díomhaoin,agus an mórtas baoth a dhéanann sé!
31. Ar an ábhar sin uaillimse ar son Mhóáb,golaim ar son Mhóáb uile,agus caoinim fir Chír Heireas.