1. Bhí Irimia fós i bpríosún i gCúirt an Gharda nuair a tháinig briathar an Tiarna chuige an dara huair.
2. “An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í - an Tiarna a ainm - deir sé é seo:
3. Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.