4. Is cosúil leis an solas a dhealramh;as a lámha bladhmann gathanna gealáin.Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.
5. Ar a aghaidh amach gabhann an phlá;tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.
6. Nuair a sheasann sé critheann an talamh.Le leagan a shúl croitear na náisiúin.Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit;cromann na beanna bithbhuana síos,a sheanbhealaí riamh anall.
7. Feicim bothanna Chúiseáin ar lár,agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.
8. An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna?An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh,go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill,nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?
9. Tógann tú do bhogha as a chumhdach:cuireann tú saigheada lena shreang. SelahScoilteann tú an talamh le srutháin.
10. Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad.Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh.Ligeann an duibheagán búir;ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
11. Fanann an ghrian agus an ghealach ina n‑áitreabhó sholas do shaighead eitilteagus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.
12. Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar;satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.
13. Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil,chun d'ungthach féin a shlánú.Tá barr theach an drochdhuine briste agatagus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
14. Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra,a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,]amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigina dhíothú go danartha ina n‑uachais.
15. Pasálann tú an mhuir le do chapailltrí bhorradh na n‑uiscí doimhne.
16. Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe;critheann mo bheola leis an nglór;leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámhaagus lúbann mo chosa fúm.Fanaim go ciúin le lá na buarthaatá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.
17. Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth;ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna;rachaidh de thoradh an chrainn olóige;ní thabharfaidh na goirt aon bhia;ní fhágfar caora sa chrónó bó ar bith sa bhuaile.