11. Beidh mallacht ort feasta agus tú ar díbirt ón talamh seo a d'oscail a bhéal agus a ghlac fuil do dhearthár ó do láimh.
12. Nuair a shaothróidh tú an talamh ní thabharfaidh sé feasta dá dhícheall duit. Beidh tú i do theifeach agus i d'fhánaí ar talamh.”
13. Dúirt Cáin leis an Tiarna: “Tá mo phionós thar mo chumas iompair.
14. Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m'fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.”
15. “Cibé más ea,” arsa an Tiarna leis, “a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.” Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é.