7. agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.”
8. Ach d'eitigh seisean agus dúirt sé le bean a mháistir: “Féach! de bhrí go bhfuilimse aige, ní chuireann aon ní dá dtarlaíonn sa teach aon mhairg ar mo mháistir; tá gach a bhfuil aige curtha aige faoi mo láimh.
9. Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d'fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?”
10. Cé go labhraíodh sí le Iósaef ó lá go lá, ní aontódh sé luí léi ná géilleadh di.
11. Lá áirithe chuaigh Iósaef chun an tí i mbun a chúraimí agus ní raibh aon duine de fhoireann an tí ansiúd istigh.
12. Rug an bhean ar bhrat air agus dúirt: “Luigh liom.” Ach d'fhág sé a bhrat ina láimh agus theith uaithi as an teach amach.
13. Nuair a chonaic sí gur fhág sé a bhrat aici ina láimh agus gur theith sé ón teach,
14. ghlaoigh sí ar a searbhóntaí agus dúirt sí leo: “Féach air sin! Thug sé Eabhrach chugainn chun masla a thabhairt dúinn! Tháinig sé isteach chugam chun luí liom, ach liúigh mé in ard mo chinn,
15. agus nuair a chuala sé mo liú agus mo bhéic, d'fhág sé a bhrat agam agus theith agus d'éalaigh ón teach.”
16. Choinnigh sí an brat ansiúd lena taobh go dtí gur tháinig a mháistir abhaile,
17. agus d'inis sí an scéal céanna dó: “An daor Eabhrach a thug tú dúinn,” ar sí, “tháinig sé isteach chugam do mo mhaslú.
18. Ach a luaithe a ligeas liú asam, in ard mo chinn, d'fhág sé a bhrat agam agus theith on teach amach.”