11. Sciob an namhaid leo maoin uile Shodom agus Ghomorá agus a lón uile agus d'imíodar leo.
12. Rugadar leo chomh maith Lót mac dearthár Abrám - bhí cónaí air i Sodom - agus a mhaoin uile, agus d'imíodar leo.
13. Tháinig duine d'fhuíoll an áir go hAbrám an tEabhrach a raibh cónaí air ag Dair Mhamrae an tAmórach, deartháir Eisciol agus Áinéar; bhíodarsan i gcomhar le hAbrám.
14. Ar gclos d'Abrám gur gabhadh a bhráthair gaoil, chuir sé tionól ar a raibh oilte ar airm dá mhuintir a rugadh ina theach, trí chéad agus ochtar déag, agus chuaigh ar a dtóir chomh fada le Dán.
15. D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.
16. Thug sé leis ar ais an chreach go léir, agus thug ar ais a bhráthair Lót agus a mhaoin agus na mná agus na daoine.