10. ionas nach mbeidh orthu connadh a chuardach faoin tuath ná a ghearradh sa choill; óir beidh ábhar tine acu sna hairm. Creachfaidh siad lucht a gcreiche agus sladfaidh siad lucht a slada féin - an Tiarna Dia a labhraíonn.
11. “An lá sin tabharfaidh mé do Ghóg ionad adhlactha in Iosrael, Gleann na nAbaraím soir ón bhfarraige. Coiscfidh sé lucht taistil de bhrí go mbeidh Góg agus a shlua uile curtha ann. Gleann Hamón Góg an t‑ainm a bheidh air.
12. Glacfaidh sé seacht mí ag muintir Iosrael iad a chur agus an tír a ghlanadh.
13. Adhlacfaidh muintir uile na tíre iad agus gheobhaidh siad onóir dá bharr an lá a thaispeánfaidh mise mo ghlóir - an Tiarna Dia a labhraíonn.
14. Beidh fir a roghnófar d'aonghnó chun dul suas síos tríd an tír á n‑adhlacadh siúd a fágadh ar an talamh, agus ag glanadh na tíre. Beidh siad ag cuardach ar feadh seacht mí.
15. Agus ar a mbealach dóibh tríd an tír, má fheiceann aon duine acu cnámha duine, cuirfidh sé comhartha in aice leo nó go gcuirfidh an lucht adhlactha iad i nGleann Hamón Góg. -
16. Hamóná ainm an bhaile san áit sin - agus is mar sin a ghlanfaidh siad an tír.
17. “A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhair le gach sórt éin agus leis an uile ainmhí sa mhachaire: Tionólaigí agus tagaigí anseo, tagaigí le chéile i gcomhair an fhéasta íobartha atá mé a ullmhú daoibh, féasta mór íobartha ar shléibhte Iosrael ina n‑íosfaidh sibh feoil agus ina n‑ólfaidh sibh fuil.
18. Íosfaidh sibh feoil na ngaiscíoch agus ólfaidh fuil phrionsaí an domhain; reithí agus uain, gabhair agus tairbh iad, agus iad uile dea-chothaithe i mBáiseán.