23. Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:
24. “A mhic an duine, socraigh dhá bhealach do theacht chlaíomh rí na Bablóine; bíodh an dá bhealach ag teacht ón tír chéanna. Tóg cuaille eolais ag ceann an bhealaigh chun na cathrach;
25. socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim.
26. Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.
27. Titeann an tuar do Iarúsailéim ina láimh dheas: ní mór dó focal spreagtha chun áir a thabhairt, gáir chatha a fhógairt, reithí cogaidh a dhíriú ar na geataí, mótaí cré agus ballaí léigir a thógáil.
28. Dar le muintir na cathrach, iadsan a thug mionna, is fáistine bhréige í. Ach cuirfidh seisean a gcionta i gcuimhne dóibh ionas go ngabhfar iad.
29. “Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n‑uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh.
30. Agus fútsa, a phrionsa aindiaga urchóidigh Iosrael, a bhfuil lá do phionóis báis buailte leat,
31. déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t‑íseal agus ísleofar an t‑ard.
32. Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.”