22. Ceiliúir Féile na Seachtainí, Féile Chéadtorthaí fómhair na cruithneachta, agus Féile Chlabhsúr an Fhómhair i ndeireadh na bliana.
23. Tagadh do chlann mhac uile i láthair an Tiarna Dia, Dia Iosrael, trí huaire sa bhliain.
24. Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.”
25. “Ná hofráil dom fuil m'íobarthaigh mar aon le harán slim; agus ná cuirtear íobarthach Fhéile na Cásca i leataobh go maidin.
26. Tabhair tús do nús ó d'fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.”
27. Dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir na focail sin i scríbhinn, óir is de réir na bhfocal sin atá an conradh déanta agam leatsa agus le hIosrael.”
28. D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.
29. Nuair a tháinig Maois anuas ó Shliabh Shíonái - agus é ag teacht anuas bhí dhá leac na Fianaise ina láimh - ní raibh a fhios ag Maois go raibh loinnir ón gcneas ar a aghaidh mar go raibh sé ag caint leis an Tiarna.
30. Nuair a chonaic Árón agus clann Iosrael go léir Maois agus a leithéid de loinnir ón gcneas ar a aghaidh, bhí eagla orthu dul ina ghaire.