4. Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: “Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”
5. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat.
6. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.
7. Thug sé Masá agus Miríbeá ar an áit de bharr chasaoid chlann Iosrael agus go ndearnadar promhadh ar an Tiarna á rá: “An bhfuil an Tiarna farainn nó nach bhfuil?”
8. Ansin tháinig Amailéic agus d'ionsaigh sé Iosrael i Reifídím.
9. Agus dúirt Maois le Iósua: “Togh buíon fear dúinn agus téigh amach chun troda le hAmailéic ar maidin amárach. Seasfaidh mise ar mhullach an chnoic agus slat Dé i mo láimh.”
10. Rinne Iósua rud ar Mhaois agus throid le hAmailéic ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach an chnoic.
11. Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.
12. Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.
13. Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.
14. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”
15. Ansin thóg Maois altóir agus thug sé An Tiarna Mo Bhratach uirthi, mar go ndúirt sé: 16 “Beirigí greim ar bhratach an Tiarna óir tá an Tiarna i gcogadh le hAmailéic ó ghlúin go glúin.”