23. dúirt seisean leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Lá saoire iomlán an lá amárach, sabóid naofa don Tiarna. Bácálaigí a bhfuil le bácáil, beirigí a bhfuil le beiriú, agus a mbeidh fágtha, cuirigí i leataobh é go dtí amárach.’ ”
24. Chuireadar i leataobh é go dtí lá arna mhárach mar a d'ordaigh Maois; níor éirigh sé bréan ná níor tháinig cruimheanna ann.
25. “Ithigí inniu é!” arsa Maois leo, “mar is sabóid don Tiarna an lá inniu; ní bheidh sé le fáil ar an mbán inniu.
26. Baileoidh sibh é sé lá, ach ar an seachtú lá, an tsabóid, ní bheidh sé ann.”
27. Ar an seachtú lá áfach chuaigh cuid den phobal amach chun é a bhailiú ach ní bhfuaireadar aon phioc.
28. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “An fada eile a dhiúltóidh sibh m'aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád?
29. Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”
30. Staon an pobal ó obair ar fad dá bhrí sin ar an seachtú lá.
31. Thug teaghlach Iosrael manna air; ba chosúil le síol coiriandair é, é bán agus blas air mar a bheadh ar abhlanna a dhéanfaí le mil.
32. Agus dúirt Maois: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Líon ómar de le coimeád do shliocht bhur sleachta, i dtreo go bhfeicfidh siad an bia lenar bheathaigh mé sibh san fhásach nuair a thug mé amach ó thír na hÉigipte sibh.’ ”
33. Agus dúirt Maois le hÁrón: “Faigh crúsca agus cuir ómar manna ann agus cuir os comhair an Tiarna é, le coimeád do shliocht bhur sleachta.”
34. Rinne Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus chuir sé os comhair na Fianaise é le coimeád.