1. Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanasin onóir an Tiarna:“Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire!Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.
2. An Tiarna mo neart, mo dhán;eisean mo shlánú.Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é.Dia m'athar, agus móraim é!
3. Fear faobhair an Tiarna!An Tiarna a ainm.
4. Threascair sé carbaid Fhorainn agus a shlua san fharraige;d'fhág sé togha a mharcach báite i Muir na nGiolcach.
5. Chlúdaigh na tuilte iad;chuadar go tóin poill mar a dhéanfadh cloch.
6. Is glórmhar cumhacht í do dheaslámh, a Thiarna;rinne do dheaslámh, a Thiarna, smidiríní den namhaid.
7. Le neart do mhórgachta, rinne tú lucht d'ionsaithe a threascairt;scaoil tú le fraoch d'fheirge agus d'alp sé iad mar choinleach.
8. Le sraoth do pholláirí rinne cnocáin de na huiscíagus sheas na tonnta mar chlaí;dhlúthaigh na haigéin i gceartlár na mara.
9. ‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid.‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi.Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’
10. Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu.Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.