1. “Anois, más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, á thabhairt daoibh.
2. Ná cuirigí aon bhreis lena n‑ordaím daoibh, agus ná bainigí uaidh, ach coimeádaigí aitheanta an Tiarna bhur nDia go beacht mar a ordaím daoibh iad.
3. Chonaic sibh le bhur súile cinn cad a rinne an Tiarna i mBál Peór; óir dhíothaigh an Tiarna bhur nDia ó bhur measc lucht leanta uile Bhál Peór.
4. Ach sibhse a chloígh leis an Tiarna bhur nDia, maireann sibh fós inniu.