Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 12:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh ardaagus scanradh air siúl sa tsraid;nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláthagus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallachagus caor na cupraisce gan éifeacht;óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraíagus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;

6. sula ngearrtar an corda airgidagus go ndéantar smidiríní den bhabhla óir;sula mbristear an crúiscín ag an tobaragus go scaoiltear an roth ar an bhfuarán;

7. sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráthagus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.

8. Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.

9. I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.

10. D'fhéach Cóheilit le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos le barr cruinnis.

11. Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t‑aon aoire amháin uaidh.

12. Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn.

13. Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.

14. Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.

Léigh chaibidil críochnaithe Cóheilit 12