Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: “Cuirigí fios ar Shamsón d'fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.” Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d'iallach air seasamh idir na colúin.