Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Amós 2:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáinagus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh,de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an macan striapach chéanna,rud is masla do m'ainm naofa,

8. de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóraar éide a cuireadh i ngeall,agus go n‑ólann siad i dteach a ndéfíon na ndaoine a fíneáladh.

9. Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu,fir a bhí chomh hard leis na céadraisagus chomh láidir leis na daracha;scrios mé a dtorthaí os cionn talúnagus a bpréamhacha thíos fúithi.

10. Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipteagus threoraigh daichead bliain san fhásach sibhchun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.

11. Thóg mé fáithe as bhur sliocht firagus Naizírigh as bhur macra.Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael?a deir an Tiarna.

12. Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól,agus d'ordaigh sibh do na fáithe: “Ná déanaigí tairngreacht.”

13. Féach, brúfaidh mise síos sibh,mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.

Léigh chaibidil críochnaithe Amós 2