23. Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí;dúirt tú: Le mo shluaite carbadghabh mé suas ar bheanna na sléibhte,ar bheanna buaice na Liobáine.Ghearr mé anuas na céadair is airde ann,tógha a chufróg.Ghabh mé isteach ina ascaillí cúilagus i ndoimhne a fhoraoise.
24. Thochail mé toibreachaagus d'ól mé uiscí coigríocha.Thiormaigh sruthanna na hÉigiptefaoi thrácht mo chos.
25. Ar chuala tú?Fadó a chinn mé airagus bheartaigh mé ó na ciantaa bhfuil á chur i gcrích anois agam.Ba é do ghnó na cathracha daingnea leagan ar lár ina bhfothracha.
26. Tá a lucht cónaithe fágtha gan neart,faoi uafás agus faoi mhearbhall.Is cuma iad nó lusra an bháin,nó féar leochaileach,nó féar ar dhíon tí nó i móinéará shuaitheadh [ag an ngaoth anoir].
27. Is eol dom nuair a éiríonn túagus nuair a shuíonn tú,nuair a ghabhann tú amach agus isteach.
28. De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne,agus gur chuala mo chluas uaill d'uabhair,cuirfidh mé m'fháinne ar do shrón,agus mo bhéalbhach i do bhéal,agus cuirfidh mé d'iallach ort filleadh ar aisar an mbóthar ar ar tháinig tú.
29. Agus beidh sé seo mar chomhartha agat:i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin,agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán.Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain,saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.
30. An t‑iarmhar a fhágfar de theaghlach Iúdá,cuirfidh sé fréamha úra amach thíos agus torthaí thuas.
31. Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéimagus fuíoll áir ó Chnoc Shíón.Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.’
32. “Seo mar a deir an Tiarna faoi rí na hAsaíre:‘Ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo,Ná ní scaoilfidh sé saighead léi,Ná ní sheasfaidh ina coinne le sciath,Ná ní thógfaidh múr léigir ina haghaidh.
33. Fillfidh sé an bealach a tháinig,ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna.
34. Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt,ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.’ ”
35. An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b'shiúd ansin iad go léir faon marbh.
36. Scor Sanaichéiríb a champa agus d'imigh; d'fhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé.
37. Agus tharla agus é ag adhradh i dteampall a dhé féin Niosroc, gur mharaigh a mhic féin, Adraimeilic agus Seaireizir, é le faobhar claímh agus theith siad go tír Ararat. Tháinig a mhac Éasarchadon i gcomharbacht air.