5. Óir tá túr san áit sin atá caoga banlámh ar airde agus é lán de luaithreach; agus tá ciumhais timpeall air agus fána ghéar uaidh ar gach taobh isteach i dtreo an luaithrigh.
6. An té a dhaorfaí i gcoir naomhthruaillithe nó a bheadh tromchiontach i gcoireanna áirithe eile, [tugann siad in airde é], agus ropann siad go léir ar aghaidh chun a ídithe é.
7. Tháinig sé de chor sa saol gur mar sin a fuair an ropaire Meanalás bás, gan fiú adhlacadh sa chré.
8. Agus ní raibh ansin ach lomlán an chirt; mar is iomaí peaca a rinne sé in aghaidh na haltóra ar naofa í a tine agus a luaithreach, ach fuair sé bás sa luaithreach.
9. Bhí an rí ar a bhealach agus a chroí ag borradh le bearta barbartha agus é ar aigne aige nithe i bhfad níos measa ná mar a bhí déanta ag a athair a nochtadh os comhair a súl do na Giúdaigh.
10. Ach nuair a chuala Iúdás é sin, d'ordaigh sé don phobal glaoch ar an Tiarna de lá agus d'oíche, teacht i gcabhair, anois nó riamh, ar an muintir a rabhthas ar tí idir dhlí agus thír agus Theampall naofa, a bhaint díobh,
11. agus gan a ligean don mhuintir nach raibh ach ag teacht chucu féin titim isteach i lámha na ngintlithe diamhaslaitheacha.
12. Nuair a bhí rud déanta acu go léir le chéile air, agus gur chuir siad a n‑achainí chun Tiarna na trócaire, ag caoineadh, ag troscadh agus ag sléachtadh go talamh, gan staonadh, ar feadh trí lá, ghríosaigh Iúdás iad agus d'ordaigh dóibh a bheith ullamh ar láimh.
13. Chuaigh sé i gcomhairle leis na seanóirí ar leithligh agus ansin bheartaigh sé gan feitheamh leis an rí a theacht isteach in Iúdáia agus seilbh a fháil ar an gcathair, ach máirseáil amach agus an gnó go léir a shocrú le cabhair Dé.
14. D'fhág sé an toradh dá bhrí sin faoi Chruthaitheoir na Cruinne, ghríosaigh a chuid fear chun troid go cróga go bás ar son dlíthe, agus Teampaill agus tír dhúchais, agus maithe coitinne; agus ansin shuigh sé a longfort láimh le Móidín.